
Scéimeanna Fostaíochta Pobail
Tá na cúrsaí seo á reachtáil ag Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne i gcomhar le F.Á.S le dhá bhliain déag. I láthair na huaire tá fiche duine agus saoiste ag obair ar an scéim reatha. Obair chothabhála ar hallaí agus ar áiseanna pobail chomh maith le hobair ar na bailte slachtmhara is mó atá i gceist. Cuirtear cúrsaí éagsúla traenála ar fáil dos na rannpháirtithe chomh maith, i rith na scéime.
Teicneolaíocht an Eolais
Thosnaigh Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne ar chúrsaí ríomhaireachta a reachtáil sa bhliain 1983 agus lean sé seo ar aghaidh go dtí an bhliain 2003. Le linn an ama sin reachtáladh ana-chuid cúrsaí oiliúna sa Ríomhaireacht sa Daingean. Fuair 90% dóibh siúd a dh’fhreastail ar na cúrsaí seo fostaíocht bhuan, de réir aisghairm eolais ós na rannpháirtithe.
Seirbhísí Oifige & Eolais
Cuireadh Ríomhairí Pobail ar fáil i ngach ceantar i gCorca Dhuibhne faoin Scéim CÁIT agus cuireadh Ríomhaire, Líne ISDN, gléas priontála agus cóipeála ar fáil ins na hionaid seo le bheith á n-úsáid ag muintir na háite.
Tá fáilte roimis phobal Chorca Dhuibhne úsáid a bhaint as seirbhísí cóipeála, faics agus idirlín san oifig i mBaile an Fheirtéaraigh ar chostas beag.

|