Baile an Fheirtéaraigh, Trá Lí, Co. Chiarraí. | Fón: 00 353 (0)66 9156100 | Facs: 066 9156348 | Rphost: cfcd@cfcd.ie

 

 

Forbairtí Nua : Lárionad Bhaile an Fheirtéaraigh Thiar

Ionad Ollscolaíochta i gcomhar le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.
Bhuail ionadaithe ó CFCD Teo. le hionadaithe ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge Ollscoil na hÉireann, Gaillimh agus le feidhmeannaigh Údarás na Gaeltachta sa Daingean i mí Aibreáin 2004.  Ag éirí as an gcruinniú seo, tugadh cuireadh don Acadamh teacht go Corca Dhuibhne chun dul i mbun comhfhiontair leis an gComharchumann chun tionscnaimh nua oideachais teangalárnaithe  a chur chun cinn sa cheantar.

Aonad Fiontraíochta
Tá comhráití ar siúl faoi láthair idir Údarás na Gaeltachta agus Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh maidir le dhá aonad taighde/fiontraíochta a thógáil mar chuid den mhórfhorbairt seo.  Táthar ag súil go mbeidh na haonaid seo á bhforbairt idir 2008 agus 2009.

Áiseanna Pobail
Tá plé leanúnach ar siúl idir an pobal áitiúil agus an Roinn Gnóthaí Pobal, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le háiseanna pobail a fhorbairt i mBaile an Fhéirtearaigh Thiar. 

Ionad Tacaíochta Teaghlaigh
Ar na háiseanna nua atá le forbairt tá Ionad Tacaíochta Teaghlaigh ina lonnófar Naíonra Bhaile an Fheirtéaraigh chomh maith le seirbhísí cúram leanaí is luathoideachais.  Tá maoinú an togra seo á phlé leis an Roinn Dlí, Cirt, Comhionnanais agus Ath-chóirithe Dlí.

Áiseanna do Chomharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo.
Sa bhfoirgneamh seo beidh dhá cheann déag d’oifigí, fáiltiú, seomra bídh, leithrisí, stór, seomraí seirbhísí agus seomraí cruinnithe.  Beidh na háiseanna cruinnithe seo ar fáil do  ghrúpa ar bith ón gceantar gur mian leo cruinniú a bheith acu nó cúrsaí oiliúna a reachtáíl ann. 

 

 

© Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo. 2000 - 2023 | English Version

Website Design: Eigon Solutions